Cothromaíocht inscne i measc Feisirí: 2024

Foilseoidh Parlaimint na hEorpa torthaí thoghcháin Eorpacha 2024 in aghaidh na tíre, mar aon le réamh-mheastachán dá comhdhéanamh, an 9 Meitheamh 2024. Agus lánurraim á tabhairt aige do na dlíthe náisiúnta toghcháin, déanfaidh Verian, conraitheoir na Parlaiminte, réamh-mheastacháin maidir le suíocháin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta araon. Beidh an achoimre Eorpach ar fáil ó 20:15 GMT+2, agus cuirfear an chéad réamh-mheastachán foriomlán ar fáil ann mar aon le figiúirí iomlána do na grúpaí polaitiúla bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig. Beidh páirtithe náisiúnta nach bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa faoi láthair cleamhnaithe le grúpa polaitiúil má tá siad cleamhnaithe go hoifigiúil leis an ngrúpa sin nó más ball iomlán iad i bpáirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha. Léireoimid na sonraí atá ar fáil ar bharra dul chun cinn de réir mar a thagann deireadh leis an vótáil sna Ballstáit. Déanfar an réamh-mheastachán a nuashonrú go dtí go mbeidh an vótáil críochnaithe sna Ballstáit ar fad agus go mbeidh na torthaí críochnaitheacha foilsithe ag na húdaráis toghcháin náisiúnta.

Ina theannta sin, ó 18:00 GMT+2 agus do na tíortha sin ina bhfuil an vótáil críochnaithe cheana féin, taispeánfar ar leathanaigh náisiúnta na meastacháin de réir páirtithe náisiúnta agus grúpaí polaitiúla, miondealú ar na páirtithe náisiúnta agus na grúpaí polaitiúla de réir céatadáin agus suíochán, mar aon le sonraí ar an ráta vótála mar atá fógartha ag na húdaráis toghcháin náisiúnta.

Céard is ‘réamh-mheastachán’ ann? Is é atá sa réamh-mheastachán ar Pharlaimint na hEorpa meastachán ar an gcomhdhéanamh ag eascairt as na toghcháin. Mar gheall ar amanna vótála difriúla i dtíortha an Aontais Eorpaigh, beidh gach réamh-mheastachán ar oíche an toghcháin bunaithe ar mheascán de na sonraí atá ar fáil, idir shonraí toghcháin neamhoifigiúla, amhail pobalbhreitheanna díreach tar éis na vótála nó meastacháin atá foilsithe sna Ballstáit, agus torthaí toghcháin náisiúnta oifigiúla. Ní fhoilseofar sonraí, gan beann ar an gcatagóir, do Bhallstát ach amháin nuair a bheidh an vótáil críochnaithe ann. Déanfaidh Verian, conraitheoir Pharlaimint na hEorpa do na toghcháin, na torthaí náisiúnta a leithdháileadh laistigh de na grúpaí polaitiúla reatha bunaithe ar an dlí toghcháin i ngach tír, agus cuirfidh sé réamh-mheastachán ar fáil maidir le miondealú iomlán na suíochán i bParlaimint na hEorpa. Toisc nach féidir comhdhéanamh na Parlaiminte tofa agus na grúpaí polaitiúla amach anseo a réamh-mheas roimh an seisiún reachtach, tá an réamh-mheastachán ar chomhdhéanamh na Parlaiminte bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig.

Céard dó a seasann ‘eile’? Tá an réamh-mheastachán ar chomhdhéanamh na Parlaiminte bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig agus a grúpaí polaitiúla, gan dochar do chomhdhéanamh na chéad Pharlaiminte eile ag a seisiún reachtach. Páirtithe náisiúnta a bhfuil ionadaíocht acu sa Pharlaimint faoi láthair, cuirfear sa ghrúpa polaitiúil céanna iad is atá siad sa Pharlaimint atá ag dul as oifig. Beidh páirtithe náisiúnta nach bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa faoi láthair cleamhnaithe le grúpa polaitiúil má tá siad cleamhnaithe go hoifigiúil leis an ngrúpa sin nó más ball iomlán iad i bpáirtí polaitiúil Eorpach, atá cláraithe leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha. Páirtithe náisiúnta nach bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa ná nach bhfuil cleamhnaithe go hoifigiúil le páirtí nó grúpa polaitiúil Eorpach, léirítear iad sa chatagóir ‘eile’, gan aon dochar dá gclaonadh polaitiúil. Toisc nach féidir linn réamhbhreith a dhéanamh ar an ngrúpa nó ar na grúpaí lena rachaidh siad, tá an chatagóir sin roinnte go cothrom idir taobh na láimhe deise agus taobh na láimhe clé den seomra tionóil sa léiriú grafach den réamh-mheastachán iomlán ar shuíocháin.


Faigh amach conas a fheidhmíonn na toghcháin Eorpacha